Fógra Gur Gearradh Na Rátaí

FÓGRA GUR GEARRADH NA RÁTAÍ - CONTAE CHILL CHAINNIGH

 

FÓGRÓFAR LEIS SEO go bhfuil an Ráta Contae gearrtha go cuí ar an réadmhaoin inrátáilte lena mbaineann i gContae Chill Chainnigh.

Is é an ráta bliantúil ar luacháil maidir le gnáthchaiteachais de chuid Chomhairle Chontae Chill Chainnigh i dtaobh seirbhísí don bhliain airgeadais ón 1 Eanáir, 2023 go 31 Mí na Nollag, 2023 ná a náid ponc a dó a náid a sé (€ 0.206).

Tá na Leabhair Rátaí e mo sheilbh anois agus féadfaidh éinne lena mbaineann siad iad a iniúchadh ag Oifigí Chomhairle Cill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh idir 10.00 rn agus 4.00 in ach amháin ar an Satharn, ar an Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc.

Beidh na Rátaí thhuasluaite le híocó fhoilsiú an Fhógra seo agus dá éis.

 Faoi alt 7(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 , laistigh de dhá (2) mhí den dados ar a ngearradh an ráta, féadfaidh éinne atá míshásta nár thug an tÚdarás Rátúcháin liúntas dó/di faoin Acht nó a chreideann go bhfuil a mhalairt de liúntas tuillte aige/aici seachas an ceann a tugadh dóibh, iarratas e scríbhinn a dhéanamh don Údarás Rátúcháin go dtabharfaí an liúntas cuí dóibh. Más rud é nach gcomhlíontar an t-iarratas laistigh de 28 lá, féadfaidh an duine, laistigh de ceithre (4) mhí den data ar a ngearradh an ráta, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche go dtabharfaí an liúntas cuí.

 Gearradh an ráta thuas ar 27 Eanáir 2023. Caithfear aon iarratas maidir le liúntas faoi Alt (7) den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 a iarraidh ar Chomhairle Chontae Chill Chainnigh tráth nach déanaí ná 27 Márta 2023.

 

Martin Prendiville

Ceannasaí Airgeadais

Halla an Chontae

Sráid Eoin

Cill Chainnigh.

 

 

Logo da promoção Kilkenny
Slogan de Kilkenny: Vem ver, vem fazer